Irish Essay- Young People
This is a Leaving Cert higher level A1 standard essay. Hope it helps!
Saol a bhíonn ag aos óg an lae inniu
Tuismitheoirí! Muinteoirí! Brú na scrúduithe! Rás na bpointí! An dífhostaíocht! Ganntanas airgid! A leithéid de shaol agus a bhíonn ag an aos óg an lae inniu! Bíonn déagóirí i gcónaí ag gearán, nach mbíonn? Ní féidir iad a shásamh, an féidir? Bhuel, is déagóir mise agus ba mhaith liom mo thuairimí faion scéal a nochtadh diut, a léitheoir. Is dócha go bhfuil an ceart ag na daoine fásta. Ní bhimíd riamh sásta leis an saol brea compordach atá againn. Ach, dar liomsa, is measa na fadhbanna a bhíonn ag daoine óga anois ná riamh. Is dóigh liom go mbaineann siad leis an mbrú ón gcóras oideachais, ó shaol na nuatheicneolaíochta agus ón gcorás maireachtála ina mhairimid.
Is é mo thuairim gur i gcúrsaí oideachais a mhothaíonn an déagóir bocht an brú is mó. B'fhearr liom an sioc sa samhradh ná é. Is geall le hifreann ar chlár na cruinne an seomra ranga do dhéagóirí áirithe! Mhothaimid an iomarca brú taobh istigh den scoil agus anuas ar sin tá an brú millteannach a bhaineann le corás na bpointí. Má's féidir leat cúpla céad leathanach a chur ar ghlanmheabhair, éiróidh leat! An bhfuil rogha eile ann? Is léir do chách an baol atá ann faoin am seo agus teastaíonn comhoibriú agus tuiscint chaun an fhadhb seo a réiteach. Tar éis an tsaoil, níl an t-aos óg déanta as iarann!
Is léir domsa gurbh í an ghlúin seo an ghlúin is sláintiúla riamh dar leis na firicí, ach is í an ghlúin is mó atá i mbaol freisin ó thaobh na ndrugaí de. Caithfear a rá gur galar uafásach sa tsochaí é galar na ndrugaí. Sa lá atá inniu ann, feictear an mangaire drugaí i ngach áit- amuigh i lár na tuaithe, istigh i lár na cathrach, sna bailte móra, sna sráidbhailte agus mar sin de. Is rud é atá ag dó na geirbe agamsa. Ach an féidir é a athrú? Dá mbeadh plean fadtéarmach ag na húdaráis agus dá mbainfí an leas is fearr as na hacmhainní atá ann, d'fhéadfaí an scéal a leigheas, b'fhéidir.
Feictear domsa, áfach, dá olcas fadhb na ndrugaí, go bhfuil fadhb an alcóil i bhfad níos measa. Tá cultúr an óil frámaithe go domhain i meon na ndaoine in Éirinn. An bhfuil plean fadtéarmach ag na húdaráis chun tabhairt faoin bhfadhb seo? An bhfuil an fhadhb imithe ó smacht ar fad faoin am seo? Cinnte, is próiseas casta atá ann. Gach oíche, scaoileann na tithe tábhairne na mílte daoine óga amach ar na sráideanna go déanach i dteannta a chéile agus a bhformhór caoch ar meisce. Is minic a ionsaíonn fír óga a chéile tar éis óiche ólacháin agus is minic freisin a tharlaíonn tubaiste uafásach.
Dar liomsa, cuireann na meáin chumarsáide brú millteanach orainn. Ní beag a bhfuil ráite faoi faoin am seo. Feictear domsa go mbíonn tionchar nach beag an nuachtáin agus irisí ar dhaoine óga, ar chailiní óga go háirithe. Tóg cursaí faisin mar shampla amháin agus na hirisí uile atá ar fáil ar an ábhar sin. Is dóigh liom nach bhfuil féidir a bheith ró-thanaí sa lá atá inniu ann. Feictear aisteoirí agus réaltaíceoil agus mainiciní cáiliúla sna hirisí seo agus iad ar a mbealach chuig cóisir éigin i Hollywood. Níl dabht ar bith i m'aigne ach go gcuireann na pictiúr de na daoine seo istech ar chailiní óga goiliúnacha. Táimíd dubh dóite de faoin am seo. Mar a deir an seanfhocal 'is in ithe na putóige a bhíonn a tastáil' ach is léir nach bhfuil na réaltaí áille seo ag ithe tada!
Deirtear go mbíonn saol an mhada bháin ag aos óg an lae inniu. Ní féidir liom aontú le sin. Tá saol an lae inniu thar a bheith casta. Ní hionann an saol anois agus an saol a bhí ann in aimsir ár dtuismitheoirí. B'fhéidir go raibh saol crua acusan ach creidim féin go raibh níos lú brú orthu agus níos lú fadhbanna le sárú acu. Creidimse gur muidne an ghlúin is mó atá i mbaol riamh ó thaobh brú na scoile de. ó thaobh sciúirse na ndrugaí de, ó thaobh fadhb an óil de agus ó thaobh drochthionchar na meán chumarsáide de. Tá brú na scoile millteannach ar fad. Tá fadhb na ndrugaí docheansaithe. Tá cultúr an óil imithe ó smacht ar fad agus é frámaithe go domhain i measc an aosa óig. Agus brú na hArdteistiméireachta? Caithfear é a mhothú chun é a chreidiúint.
Saol brea bog? Saol an mhada bháin? Ní dóigh liom é!

No comments:
Post a Comment