Saturday 6 June 2015

Irish Essay- Technology

An Teicneolaíocht
Is é an t-idirlíon agus an teicneolaíocht an tionchar is mó na laethanta seo. Tráth da raibh, fuair daoine an t-eolas a bhí uathu faoin domhan mórthimpeall orthu ón nuachtán, ón teilifís, ón raidió, ó leabhar agus ó irisí. Ach inniu, deanaimid gach rud ar an idirlíon: éisteacht le ceol, breathnú ar scannán agus nuacht a leamh.Caitheann daoine óga cuid mhór ama ag scimeáil ar an idirlíon nó ag caint lena gcairde ar na lionraí sóisialta, mar shampla Facebook, Twitter nó Instagram. Ní féidir éalú ón teicneolaíocht sa lá atá inniu ann. Tá sí inár dtithe, inár scoileanna, inár bpócaí agus ar na sraideanna.

Is iontach an dul chun cinn atá déanta ag an teicneolaíocht le blianta beaga anuas. Cá mbeimis gan iPod, an iPhone agus an iPod inniu. Is féidir linn leabhar nó nuachtáin a leamh ar an iPad. Tá an t-eolas ar chursaí an domhan ar fáil le gach duine i ngach áit. Is féidir linn grainghraf a thógáil, cluichí a imirt agus teangacha a fhoghlaim leis an bhfón póca inár bpócaí. Chomh maith leis sin, tá na ceadta míle amhrán agus fiseán ar fáil ar appana YouTube. 

Ar an lámh eile, tá a lán contuirt ag baimt leis an idirlíon leis na líonraí sóisialta. Déarfa gur áiseanna iontacha iad na líonraí sóisialta agus go dtugann siad deis do dhaoine óga cairde a dhéanamh agus cumarsáid a dhéanamh le daoine eile ar fud an domhain. Ach déanann roinnt daoine óga go mbíonn eolas pearsanta a chur ar ail acu. Labhraíonn said go hoscailte faoi eolas pearsana fúthu fein. Cloistear scéalta faoi bhulaíocht ar Facebook nó ar Ask.fm. Tá an dáinsear ann i gconaí go mbíonn daoine ag insint breag ar na meain sóisialta chun daoine goilliúnacha a mhealladh.

Is í an bhulaíocht an fhadhb is mó sa tsochaí idir dhaoine óga sa lá atá inniu ann. Ar na lionraí sóisialta, tá sé an-easca chun bhulaíocht a dhéanamh ar dhaoine eile. De réir suirbhe a rinneadh, mhaígh 14% de na buachaillí agus 18% de na cailiní go ndearnadh bulaíocht orthu ar an idirlíon nó ar a bhfón póca. Is féidir le haon duine tuairimí a nochtadh ar bhlag nó ar laethanach, bidís fior, bréagach, mailíseach nó scanallach. Ní boithrín príobháideach é an t-idirlíon a thuilleadh ach mótorbhealach leathan lánoscailte.

Tá an-chuid airgead le saothrú as fograíocht ar an idirlíón agus an brabach sin ag dul i meid in aghaidh an lae. Nuair a théann tú ar an idirlíon, feicfidh tú fograíocht i ngach áit. B'fhiú 4 billiún euro an gnó seo sa bhliain 2010. Is féidir fógraíocht shaor a dhéanamh ar na meain shóisialta. Faigheann ceoltóirí, scríbhneoirí agus filí deis a gcuid oibre a chur os comhair an domhan mór ar bhealeach a bhí dodhéanta deich mbliana ó shin. Ach, sa tír seo. níl aon ríalú curtha i bhfeidhm ag rialtas chun an tomhaltóir a chosaint ón méid fograíochta ar an ríomhaire.

Cé go bhfuil míbhuntaistí leo, tá na meain sóisialta linn agus beidh siad ag fás agus ag forbairt sna blianta amach romhainn. Ní aithneoidh ár sinsir saol an lae inniu. An teicneolaíocht is cúis leis sin. Ní féidir le haon duine an clog a chur siar. Tá an t-idirlíon agus na líonraí sóisialta linn, agus is rudaí iontacha iad. Muidne a chruthaigh an teicneolaíocht, bimís inár maistrí uirthi, ná ligimis di ár saol a stiúradh ach usáidimis í lenár saol a dhéanamh níos fearr.

1 comment: