An Sceimhlitheoireacht ar Fud an Domhain
Ach ar dtús fiafraímís dúinn féin cén sórt daoine a dhéanann na gníomhartha sceimhlitheoireachta seo? Go bunúsach is antoiscigh iad a úsáideann sceimhlitheoirí scéin agus sceimhle chun a gcuid aidhmeanna polaitiúla nó creidimh a bhaint amach. Is daoine gan náire, gan trócaire is ea iad, daoine a dhéanann fuadach, buamáil, scrios, reathadh, buamáil féinmharú agus dúnmharú. Is é donas an scéil ná gur daoine neamhchoideacha a fhulaingíonn de bharr na faidhbe seo. Caithfear an fód a sheasamh ina gcoinne. Gan amhras, is í an fichiú haois ré an sceimhlitheora agus le blianta beaga anuas tá an fadhb casta seo imithe ó smacht. Níl lá dá dtagann lúinn cinnlínte na nuachta faoi eachtraí uafáis a bhaineann le sceimhlitheoireacht áit éigin sa domhan.
Tá go leor taithí againn sa tír seo leis an sceimhlitheoireacht agus níl deireadh leis an méid daoine neamhurchóideacha atá mearbh sa tuaisceart ó thosaigh na trioblóidí ansin sa bhliain 1969. Bhí an IRA freagrach as an buamáil in Omagh agus go leor eile. Ach tá feabhas mór tagtha ar an scéal le blianta anuas, buíochas leis an bPróiseas Síochána agus de Chomhaontú Aoine an Cheasta. Níl síocháin iomlán sna sé chontae go foill agus is mór an méid a d'fhulaingt na daoine ó thuaisceart na tíre seo.
Faoi láthair, nuair a smaoinimid ar sceimhlitheoireacht, smaoinimid ar antoiscigh Mhoslamacha, a cheapann go bhfuil cúis mhaith acu aon duine nach maith leio nó nach n-aontaíonn leo a mhárú. Is mian leo stáit Ioslámach a chur ar bun. Le blianta beaga anuas, tá an grúpa seo ag glacadh seilbhe ar thalamh in Oirthear na Siria agus i dtuaisceart na hIaráice. Tá cathracha agus olacheantair ina seilbh acu anois mar aon le go leor airgid agus airm.
Baineadh stangadh as cuid mhaith den domhain le déanaí nuair a rinneadh ionsaí sceimhlitheoireachta ar an mBataclan i bPáras agus níos luaithe ar Oifigí Charlie Hebdo. Bhí Isis freagrach leis na hionsaithe uafásacha seo. Ionsaí mailíseach é seo ar an domhain Iarthair agus ní amháin go raibh tionchar ar mhuintir na Fraince ach bhuail sé gach duine timpeall an domhain. Teastaíonn an grúpa atá taobh thiar den ionsaí stop a chur leis an saoirse., Is dóigh leis na daoine seo gur cheart dúinn ar fad a bheith ag guí go a nDia siúd. Níl aon insint ar an sceimhle a bhain leis an oíche sin i bPáras agus tá an sceimhle sin fós le brath san aer. Tá muintir na hEorpa go léir éiginnteach faojn cad atá i ndán don domhain anois.
Ní dhéanfaidh éinne dearmad ar na heachtraí uafásacha a tharla i Nua Eabhrac sa bhliain 2001 nuair a d'eitil na heitleáin mharfacha sin i gcoinne an Lárionad Trádála agus na daoine neamhurchóideacha a maraíodh san ionsaí díchéillí sin. Ba é ar cheann de na hionsaithe ba mheasa riamh i stair an domhain. Fuair thart ar thrí mhíle duine bás an lá sin agus ba de shlíocht Éireannach cuid mhaith acu agus fágadh Nua Eabhrac ina charn smionagair agus deataigh. Baineadh na hionsaithe barbartha seo geit as gach duine ar fud an domhain. Ba é an t-antoisceach Moslamach Osama Bin Laden agus a lucht leanúna freagrach leis an gníomh úafásach sceimhlitheoireachta seo. Creideann sé gur namhaid é na Stáit Aontaithe mr go dtugann siad tacaíocht d'Iosrael. Tá muintir na hAfganastáine ag fulaingt de dheasca an chogaidh atá ar siúl faoi láthair idir Méiriceá agus Afganistáin.
Is iomaí cúis atá leis an sceimhlitheoireacht. Níl dabht ná go bhfuil dlúthbhaint ag cúrsaí staire leis an scéal i go leor tíortha. An fadhb is mó atá ann anois, feictear domsa, ná go bhfuil an domhain roinnte ina dhá leath maidir leis an sceimhlitheoireacht. Ar thaboh amháin, tá na Comhghaillithe ar nós Bush agus Blair ag iarraidh fadhb na sceimlitheoireachta a réiteach trí chogaidh a chur ar na sceimhlitheoirí agus ar na tíortha a thugann tacaíocht dóibh. Is as seo a d'fhás féinimeán an bhuamadóra fhéinmharaithe den chéad uair, Is feinimeán uafásach é mar go gceapann na bumadóirí seo go bhfuil an rud ceart a dhéanamh acus go bhfuil glóir Dé i ndán dóibh i saol eile. Is cinnte go bhfuil meascán de chúiseanna leis an bhfadhb chasta, conspóideach seo, reiligiúin, tírghrá agus fadhb an bhochtanais san áireamh.
Ag an bpointe seo, caithfear an cheist a chur an bhfuil aon réiteach i ndán don fhadhb chasta seo?Is oth liom a rá nach bhfuil aon réiteach shimplí ar an scéal. Tá sé an-deacair breith ar sceimhlitheoirí agus caithfimid a bheith san airdeall ar aerfóirtí agus cuanta. Tá sé de dhualgas ar mhuintir an domhain aghaidh a thabhairt ar an gceist mhór seo. Ní mór dúinn go léir ár ndícheall a dhéanamh ar son na síochána, agus sochaí níos cothroime a chrúthú. Caithfear leanúint ag lorg réitigh mar gur daoine neamhurchóideacha atá ag fulaingt i ndeireadh an lae.