Wednesday, 3 February 2016

Éirí Amach na Cásca 1916

*Just a small update on the last post, more about why we should be celebrating   the Rising.

''I ndiaidh a chéile a thógtar na caisleáin'' a deir an seanfhocal agus is fíor é maidir leis an tír ghlás álainn seo agus an stair corraitheach a bhaineann leí ó 1916 go 2016. Ní lá a ghabhann thart anois nach gcloistear faoi Éirí Amach na Cásca sna meáin go leor. Gan dabht ar bith, is cnámh spairne é, ach ar an abhar achrannach sin, caithfidh mé a chur an cheist: an cóir dúinn Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh an bhliain seo?

Ba é Ardoifig an Phoist i mBaile Átha Cliath an lárionad dena heachtraí a tharla san Éirí Amach. Ghabh na reibilúinagh seilbh ar Ardoifig an Phoist Luan Cásca, an 24 Aibreán 1916. Inniu, tuigim an foirgnimh seo mar siombail chaithréimeach do ghníomhartha gaile is gaisce ár laochra náisiúnta a sheas suas go cróga in aghaidh ansmachta agus éagóra ar an Luan cinniúnach úd céad bliain óshin. ba iad sínitheoirí an fhorógra ná Eamonn Ceannt, Seamas O Congaile, Sean Mac Diarmada, Tomás Mac Donnacha, Pádraig Mac Piarais agus Seosamh Pluincéad. Bhí siad in aghaidh saoirse teoranta a tugadh ''Rialtas Dúchais''. Bhí saoirse iomlán, neamhspleáchas polaitiúil iomlán agus a bParlaimint féin ag teastail ó na ceannairí Gael. Mar sin, sílim gur cóir Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh, mar murach Éirí Amach, bheadh Éire i bhfad níos difriúla inniu, ach níl aon dabht faoi sin.

Is cuid tábhachtach dár stair é an tÉirí Amach, agus mar sin, ceapaim gur uafásach an scéal nach dtuigeann a lán daoine óga in Éirinn inniu tábhacht agus torthaí na n-imeachtaí a tharla chéad bhliain ó shin. I ndáiríre, níor thuigim féin na himeachtaí roimh an bhliain seo. Creidim ní mór dúinn níos mó eolais a chur ar fáil i gcuraclaim staire na scoileanna mar chuid den ullmhú riachtanach don chomóradh mór an bhliain seo. Mar mura bhfoghlaimíonn aos óg na firicí faoin aimsir sin, bheadh an dáinséar ann i gcónaí go mbeidh siad ar nós cuma liom maidir leis na himeachtaí go léir a chuirfear ar siúl in onóir laochra 1916. Chomh maith leis sin, cuireann an tÉirí Amach go mór leis na trioblóidí i dTuaisceart na hÉireann. Má theastaíonn daoine óga na gníomharthaí sceimhlitheoireachta sin a fhoglaim, is gá níos mó eolais a chur ar fáil faoin Éirí Amach na Cásca.

Deirtear gurbh é ''saoirse creidimh, saoirse shibialta, cearta cothroma agus deiseanna cothroma'' an aisling a bhí ag na ceannairí Gael, ach ar ndóigh, theastaigh siad an spioraid Gaelach a chaomhnú ag an am céanna. Is é mo thuairim féin go bhfuil spiorad na sínitheoirí beo fós i measc muintir na hÉireann, agus gan aon agó, bheidís bródúil as ár gcultúr. Creidim féin gur thógfaidís bród áirithe as ár gcluichí Gaelacha. Tá clubanna CLG i ngach baile ar fud na tíre. Imrítear cluichí Gaelacha le mórtas agus meas. Samhlaigh sinitheoirí an fhorógra ag féachaint na gCluichí Cheannais na hÉireann i mí Meán Fomhair. Samhlaigh na tírghráthóirí ina seasamh go hard is go mórtasach ar Chnoc 16 agus iad ag béiceadh amach focail ''Amhrán na bhFiann''. Caithfear a rá go mhaireann an fíorspiorad Éireannach inár gcluichí dúchais; iománaíocht, camógaíocht, peil Ghaelach agus liathróid láimhe.

''Tír gan teanga, tír gan anam''. Seo seanfhocal ó bhéal Mac Piarais é féin. Buíochas leis an Éirí Amach, bhí rialtas na hÉireann ábalta an Ghaeilge agus cultúr na Gaeilge a chaomhnú ar fud na tíre. Bhunaigh Pádraig Mac Piarais an scoil lán-Ghaelach Scoil Éanna i Rath Fearnáin sa bhliain 1908 chun tréaniarracht a dhéanamh an teanga álainn shaibhir a chaomhnú agus a chosaint. Is léir gur bhuaigh a chuid iarrachtaí mar inniu, bíonn gach dalta ar fud na tíre ag foghlaim na Gaeilge agus ag déanamh an ábhar san Ardteist. Agus cé a chreidfeadh i 1916 go mbeadh ár teilifíse Gaeilge féin againn ar TG4, agus an stáisiúin raidío Raidío na Gaeltachta? Cinnte, tá éacht déanta acu ag cur ár gcultúr agus ár dteanga chun tosaigh. Creidim go huile is go hiomlán go mbeadh bród ag Piarais agus go leor na ceannairí eile as an dul chun cinn atá déanta inár dteanga dúchais le céad blianta anuas.

Ba é an príomhchúis leis an tÉirí Amach na Cásca 1916 ná chun neamhspleáchas polaitiúil a bhaint amach, agus is cinnte go n-éirí le ceannairí é sin a fhaigheann. Roimh an Éirí Amach, bhí polaiteoirí na Breataine Móire ag tochras a gceirtlín féin le blianta fada, agus is cinnte dearfa nach ar mhaithe le muintir na hÉireann a bhídís choíche. I ndáiríre. bhí siad ag iarraidh Impireacht na Breataine a leathnú. Ní raibh muid saor leis na céadta bliana ach, i 1916, tugadh seans úr dúinn saol nua a chruthú don phobal Éireannach den chéad uair. D'éirigh muidne freagrach as ár dtodhchaí, agus inniu, seasaimid go bródúil i measc náisiún uile an domhain inár dtír neamhspleách nua-aoiseach. Sin é cúis go leor eachtraí 1916 a cheiliúradh.

Is fada an bóthar atá súilta againn ón mbliain chinniúnach 1916. Thaispeáin Éirí Amach na Cásca dúinn go léir, má chuirimid uile le chéile, is féidir linn mar thír deacrachtaí ar bith a shárú. Is dóigh liom go mbeimís ag déanamh éagór mhaithe má ligimís an bhliain seo a théann thart gan an bhliaintiúil a chomóradh agus a cheiliúradh. Tá sé de dhualgas orainn mar sochaí an fís a bhí ag sínitheoirí an fhorógra a sheoladh ar aghaidh chuig na glúnta atá le teacht le mana na dtírghráthóirí inár gcroithe; ''seán agus sonas a lorg don náisiún uile agus do gach roinn di''. Beidh mé ag ceiliúradh an cuimhneacháin mór atá ag teacht le bród agus meas i mo chroí. 

No comments:

Post a Comment