An Polaitíocht
Is minic na polaiteoirí i mbéal na ndaoine, gan trácht ar na nuachtáin, an raidió nó an teilifís. Dar leo féin gur daoine iad a dhéanann rogha den pholaitíocht chun leas na tíre a dhéanamh, gnáthdhaoine a bhfuil coinsias sóisialta láidir acu agus a théann i muinín na ndaoine chun vótanna a fháíl. An amhlaidh a thiocfadh na daoine leis an tuairim seo?
Is cnámh spairne iad na polaiteoirí don phobal i gcoitinne, má's fíor a ndeirtear fúthu. Is dócha go dtuigeann an pobal fírinne an tseanfhocail ''is fusa geallúint ná comhlíonadh''. Baineann seo leis na polaiteiorí ach go háirithe. Féach orthu ar lic na ndoirse ag geallúint gréine is gealaí roimh na toghcháin. Ní tuisce iad istigh sa Dáil ná go mbeidh malairt aigne acu mar go bhfuil airgead gann nó páipéar bán le críochnú. Feictear don ghnáthdhuine gurb ionann iad go léir ainneoin na difríochtaí idir na páirtíthe. Éiríonn na daoine bréan de ghealltanais gan substaint, agus ní haon ionadh é nach mbíonn meas madra acu ar na polaiteoirí.
Tagraíonn Peig Sayers do sheanfhocal cuí: ''An fear bocht mar is féidir agus an fear saibhir mar a shantóidh''. Caitheadh fiche milliún euro d'airgead lucht íoctha cánach ar áras an rialtais a athchóiriú, gan trácht ar na limisíní a úsáideann na hairí rialtais féin. Thuigfí don té a éireodh soiniciúil agus é tinn tuirseach de bheith ag ceangal a chreasa go teann fad a fheictear do a leithéid. Feictear don phobal go bhfuil na polaiteoirí go teann ina suí fad is atá an tír in umar na haimléise.
Cnuimh eile i tsrón an phobail i leith ár bpolaiteoirí ná na laethanta saoire fada a bhíonn acu, é sin agus postanna maithe cheana féin ag go leor dóibh. Nuair a bhíonn trí scór go leith bliain slánaithe ag an ngnáthdhuine, bíonn air éirí as obair. Braithfidh an pinsean a bheidh ag duine ar a bhfuil curtha i leataobh dó/di, ach má's polaiteoirí é/í, beidh pinsean breá Stáit aige/aici go deireadh a shaoil.
Fágann sin go gcothaítear meon soiniciúil i measc na ndaoine. Is beag ídéalachás ná ionracas féin a fheictear i measc cheannairí ár dtíre. Ní fada a mhaireann iad siúd a seasann lena bprionsabail. Cothaíonn an drochshampla seo olc agus fuarchúis i measc an aosa óig. Ní thig linn bheith ag siúl le caighdeáin arda moráltachta uathu súid nuair a fheictear dóibh an chaimiléireacht atá ar siúl i measc lucht riaracháin ár dtíre. An fiú do gharda óg dul i ngleic le gaigín fíochmhar nuair a thuigeann sé go mbeidh na stocairí sráide céanna amuigh ar na sráideanna, lá arna mhárnach? Cathain a athrófar na dlíthe chun an scéal seo a réiteach? An gá páipéar bán eile chun an scannal seo a léiriú dúinn arís?
Cinnte tá polaiteorí den scoth ann ar mór acu cothram na Féinne ach, faraor, is é tuairim an ghnathdhuine go bhfuil a bhformhór ag tochras a gceirtlín féin. Tá an baol ann go dtitfidh creatlach sóisialta na tíre as a chéile mura dtagann feabhas mór ar chursaí sa tír seo. Cé gur cheapamar uilig go raibh deireadh tagtha le réim na mbarún drugaí tar éis dhunmharú Veronica Guerin, faraor, bhí dul amú orainn. Tá na barúin dhrugaí go teann ina suí agus cóiriúlacht agus scríosadóireacht ó smacht sna cathracha. Nach bhfuil sé thar am do na polaiteoirí rud éigin cruthaitheach a dhéanamh faoi?
Conas is féidir má'sea meas an phobail a tharraingt orthu arís? Ar an gcéad dul síos, b'fhiú do gach polaiteoir tuairiscí dá shaibhreas pearsanta féin a chur ar fáil don phobal. Níor chóir go mbeadh lucht gnó ag cur airgid isteach i bpáirtithe polaitiúla mar is baol go mbeadh fábhar i gceist. Níor chóir go mbeadh pinsean Stáit ró-ard ag polaiteoir ar bith ná cead aige fanacht in oifig ró-fhada. Ba chóir do pholateoirí dlíthe a réachtáil do leas na tíre agus gan bheith ag tochras ar a gceirtlín féin sna clinicí áitiúla. Sa chaoi seo b'fhéidir go mbeadh aire na bpolaiteoirí ar fhadhbanna na tíre: ciníochas, stáid an chórais leighis, cóiriúlacht, cás na bpríosúnach agus cás lucht íochta cánach, gan trácht ar chás ár seandaoine.