Saturday 21 May 2016

Irish Essay- Refugee Crisis

Gearchéim na dTeifeach

Le tamall de blianta anois, tá cogaíocht agus foréigean ar siúl i dtíortha sa Mhéanoirtear, agus sa tSiria ach go háirithe. Tá na céadta míle duine tar éis bás a fháil sa choimhlint fhuilteach seo cheana féin. In 2015, thosaigh na mílte teifeach ag teacht chun na hEorpa ag lorg dídine ón gcogadh. Chuir rialtas na hÉireann an bád cabhlaigh an LÉ Eithne go dtí an Mheánmhuir chun tarrtháil a dhéanamh ar na céadta teifeach a bhí ag iarraidh dul go dtí an Iodail. D'éirigh leis an LÉ Eithne breis agus 500 imirceach a tharrtháil sular tháinig sí thar n-ais go hÉireann. I mí Lunasa, cuireadh an LÉ Niamh go dtí an Mheánmhuir agus rinne sí an rud céanna.

Ach cad ba chúis leis an ngearchéim na dteifeach seo? An chúis ba mhó ná cogadh cathartha agus an foréigean sa Mheanoirthear. Tá tromlach na dteifeach atá ag éalú agus ag teiteadh ag teacht ón tSiria. Ó thús an chogaidh in 2011, maraíodh idir 220,000 agus 330,000 duine agus tá 4,000,000 eile ar a laghad cláraithe mar theifigh. Tá an t-uafás dídeanaithe ón tSiria sa Tuirc, san Iordáin agus sa Liobáín cheana, ach de réir a chéile, tá níos mó acu ag teacht i dtír san Eoraip. Chomh maith leis sin, tagann teifigh ón Iaráic, ón Iaráin, ón bPalaistín agus ón Aetóip. Bíonn cuid mhaith de na daoine seo i ndeireadh na feide agus ar an ngannchuid. Ní bhíonn an tarna rogha acu ach teitheadh ón gcaismirt, ón deirteadh fola agus ón nglanadh eitneach ina dtíortha féin.

Is iad an Ungáir agus an Ostair an dá thír atá sa bhearna bhaoil, más maith leat. Bíonn ar na teifigh a mbealach a dhéanamh trí na tíortha sin chun an Ghearmáín, an Fhrainc, an Bhreatain agus Éire a shroicheadh. Tá ballaí cosanata curhta suas ag an Ungáir chun na teifigh a chóinneáil amach, agus is minic a bhíonn sceilmid, troid agus achram ag teorainneacha na hUngáire idir na teifigh atá ag iarraidh teacht isteach sa tír agus na póilíní atá ag iarraidh gan ligean dóibh teacht isteach. Cé go bhfuil líon mór daoine i bhfabhar na dteifeach, tá líon sách ard ann chomh maith atá ina gcoinne.

Ach chuir an grainghraf a glacadh den bhuacaill beag trí bliana d'aois ón tSiria- Aylan Kurdi- a bádh sa Mheanmhuir agus ar tháinig a chorp i dtír ar thrá sa Tuirc uafás agus alltacht ar an domhan mór. Bhí trua an domhain ag daoine do na teifigh bhochta agus mhéadaigh suim an phobail i ngearchéim na dteifech go mór. Ag cruinniú mullaigh sa Bhruiséil i lár na bliana seo caite, lean comhráite go moch maidine faoin tslí is fearr dul i ngleic leis an ngearchéim maidir le himircigh sa Mheanmhuir. D'aontaigh na ceannairí sa deireadh na mílte imirceach, atá tar éis an Iodail agus an Ghréig a shroicheadh, a athlonnú. Dúirt Áisíneacht na dTeifeach de chuid na Náisiún Aontaithe gur céim thabhachtach í seo, ach go gcaithfear i bhfad níos mó a dhéanamh.

Tá sé i gceist líon mór imirceach a athlonnú sa chéad dá bhliain eile, ach ní bheidh cuótaí éigeantacha ann do bhallstáit, rud a bhí á lorg ag an gCoimisiún Eorpach. D'aontaigh rialtas na hÉireann go mbeidís sásta glacadh le 4,000 teifeach agus soláthar díreach a chur ar fáil dóibh sa tír seo.

Mar fhocal scóir, ba mhaith liom a rá gur fadhb mhór í fadhb na dteifeach. Is in olcas atá an ghearchéím seo ag dul, agus tá líon na dteifeach atá ag lorg dídine agus ag teitheadh chun na hEorpa ag dul i méid an t-am ar fad. Tá muintir na hÉireann ag déanamh a ndícheall, ach ní dóigh liom go bhfuil go leor áiseanna ná go leor tithe againn anseo in Éirinn chun freastal ar an síoréileamh atá ann don soláthar díreach. Luath nó mall, caithfidh ceannairí an domhain teacht ar phlean chun an chogaíocht agus an foréigean go léir sa Mheanoirthear a laghdú.

1 comment: